Salm 118 ABN

Iomann Buíochais don Tiarna

1 Alleluia.Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;agus go maireann a bhuanghrá go brách.

2 Bíodh teaghlach Iosrael á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”

3 Bíodh teaghlach Árón á rá:“Maireann a bhuanghrá go brách.”

4 Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna:“Maireann a bhuanghrá go brách.”

5 Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás;d'fhreagair sé agus shaor sé mé.

6 Tá an Tiarna i m'fhochair; ní baol dom.Cad a dhéanfaidh an duine dom?

7 Tá an Tiarna i m'fhochair ag cuidiú liom;beidh mo naimhde romham faoi tháir.

8 Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín an duine.

9 Is fearr dul i muinín an Tiarnaná i muinín na bhflatha.

10 Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé;threascair mé in ainm an Tiarna iad.

11 Chruinnigh siad thart i mo thimpeall;threascair mé in ainm an Tiarna iad.

12 Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha,ina mbladhaire amhail tine i measc driseog;threascair mé in ainm an Tiarna iad.

13 Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn;ach chuidigh an Tiarna liom.

14 Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach;is é a thug slán mé.

15 Cluintear gártha lúcháire is caithréimei mbothanna na bhfíréan.“D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;

16 is i a dheaslámh a d'ardaigh mé.D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.”

17 Ní éagfaidh mé, mairfidh mé;agus inseoidh mé a mhóréachtaí.

18 Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé,níor dhaor sé chun báis mé.

19 Osclaígí dom doirse na fíréantachta;rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.

20 Seo agaibh doras an Tiarnatrína rachaidh na fíréin isteach.

21 Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;agus gur tú mo shlánaitheoir.

22 An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinne ceann an chúinne di.

23 Is é an Tiarna a rinne an ní seo,agus is éachtach linn é.

24 Is é seo an lá a rinne an Tiarna;bíodh áthas is gliondar orainn.

25 Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;a Thiarna, go n‑éirí linn!

26 Is beannaithe in ainm an Tiarnaan té atá le teacht.Beannaímid sibh as teach an Tiarna.

27 Sé an Tiarna Dia ár solas.Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhachago beanna na haltóra.

28 Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;móraim thú, a Dhia.

29 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;maireann a bhuanghrá go brách.