Salm 66 ABN

Ollmhaitheas Dé

1 Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. 1 Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,

1 Don stiúrthóir. Amhrán. Salm.

2 canaigí Salm le hurraim dá ainm.Tugaigí moladh agus glóir dó;

3 Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha!Tá de mhéid do nirt, a Thiarna,go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.

4 Umhlóidh an domhan uile i d'fhianaiseagus canfaidh siad Salm do d'ainm.” Selah

5 Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé -na héachtaí a rinne sé idir daoine.

6 Rinne sé talamh tirim den mhuirionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.

7 Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;bíonn a shúile ag faire na náisiúnsula n‑éireodh lucht ceannairce ina éadan.

8 Beannaígí dár nDia, a chiníocha,go gcluintear a mholadh os ard,

9 Óir is é a thug beatha dár n‑anamagus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.

10 Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn,mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.

11 Sheol tú isteach sa líon sinngur leag tú tromualach anuas orainn.

12 Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainngo ndeachamar trí thine is trí uisce;ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.

13 Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna -

14 na móideanna a gheall mé ó bhéal duitagus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.

15 Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthemar aon le deatach reithí dóite;ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.

16 Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,go n‑inseoidh mé a ndearna sé do m'anam.

17 Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéalagus rinne mé a mholadh le mo theanga.

18 Dá gcothóinn an urchóid i mo chroíní éistfeadh an Tiarna liom.

19 Ach d'éist mo Dhia go dearfa;thug sé aire do ghlór mo ghuí.

20 Moladh le Dia nár eitigh mé ar m'achainí,agus nár tharraing a bhuanghrá uaim.