Salm 72 ABN

Ríocht an Mheisias

1 [Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí,agus d'fhíréantacht ar mhac an rí;

1 [Salm] Sholaimh.

2 chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobalagus cothrom do dhaoine bochta.

3 Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobalagus na cnoic fíréantacht.

4 Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail;go saora sé clann na mbocht,agus go mbrú sé lucht daorsmachta.

5 Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach;ó aois go haois;

6 mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais;mar cheathanna ar an talamh.

7 Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linnnó go meathfaidh an ghealach.

8 Go raibh a réim ó mhuir go muir;ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne.

9 Titfidh a naimhde ina láthair;lífidh siad an luaithreach.

10 Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí,ag triall air le tabhartais.Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seababronntanais chuige.

11 Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair;déanfaidh gach cine fónamh dó.

12 Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air;agus an donán gan chúnamh.

13 Beidh trua aige don lag is don bhocht,agus sábhálfaidh an duine dealbh.

14 Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean;óir is luachmhar leis a bhfuil.

15 Go maire sé i bhfadis go mbronntar air ór na hAráibe.Beifear ag guí ar a shon i gcónaí;á bheannachadh ar feadh an lae.

16 Go raibh flúirse arbhair sa tírgo mullach na sléibhte.Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáinagus lucht na gcathracha faoi bhláthmar fhéar ar an talamh.

17 Go moltar a ainm go brách,fad a bheidh an ghrian ann.Is tríd a bheannófar gach treibh;beidh gach cine á mholadh.

18 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,an tAon amháin a dhéanann éachtaí.

19 Go moltar a ainm glórmhar go brách;go líona a ghlóir an talamh.Amen! Amen!

20 Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví.