Salm 9 ABN

Altú Buíochais

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Muth Labben”. Salm le Dáiví.

2 Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán,inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.

3 Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat,canfaidh mé Salm do d'ainm, a Neach is Airde,

4 toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl;thuisligh siad agus cailleadh iad i d'fhianaise.

5 Óir phléigh tú mo chúis go cothrom,i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.

6 Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh;scrios tú a n‑ainm go brách na breithe.

7 Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo;leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.

8 Tá an Tiarna faoi réim go brách;shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

9 Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,agus ceart do na ciníocha go cothrom.

10 Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,ina dhaingean in am na hiaróige;

11 Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionatóir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

12 Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

13 Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu,ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.

14 Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím;d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

15 d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léirag doirse iníne Síónagus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.

16 Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin:sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.

17 Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir:tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.

18 Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól -na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.

19 Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí;ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.

20 Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine:tugtar breith ar na ciníocha i d'fhianaise.

21 Scanraigh an croí iontu, a Thiarna;bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah