Salm 139 ABN

Uile-Eolas

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé,

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2 más luí dom, más suí dom, is eol duit é;is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.

3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;is eol duit mo shlite go léir.

4 Sula gcluintear focal ar mo theanga,a Thiarna, is eol duit ar fad é.

5 Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;agus leagann tú do lámh orm de shíor.

6 Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo;agus téann sé thar m'acmhainn a thuiscint.

7 Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?

8 Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.

9 Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,

10 ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.

11 Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,

12 ní dorcha leatsa an dorchacht:is comhsholas duit lá agus oíche.

13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.

14 Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;de bhrí gurb éachtach iad d'oibreacha.B'eol duit go hiomlán m'anamsa;

15 níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,nuair a cumadh os íseal mé, gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.

16 Chonaic do shúile mo ghníomhartha;óir scríobhadh iad uile i do leabhar;agus cinneadh dom mo laethanta go léir,sular tháinig ceann amháin acu ann.

17 Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n‑áireamh;

18 ní lia gaineamh na trá ná iad;dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.

19 Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;is mairg nach n‑imíonn uaim fir na fola.

20 Óir déanann siad ceannairc i d'aghaidh go fealltach;agus tugann do naimhde mionna éithigh.

21 Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;nach déistin liom a n‑éiríonn i d'éadan?

22 Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;dar liomsa is deargnaimhde dom iad.

23 Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.

24 Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;agus seol mé ar shlí na síoraíochta.