1 An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde,a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,
2 deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú;mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”
3 Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera,ós é atá [ar tí do mhillte].
4 Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga,agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.
5 Ní eagal duit uamhan na hoíche,ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,
6 ná an phlá a thriallann sa dorchacht,ná an sciúirse a mhilleann um nóin
7 Ar a shon go dtitfeadh míle le d'ais,agus deich míle ar do dheis,ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire,óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.
8 Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall,chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.
9 Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!”agus a rinne caiseal den Neach is Airde.
10 Ní thiocfaidh aon urchóid i d'aice,ná aon phlá i gcóngar do bhotha,
11 Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh:tú a chosaint i do shlite go léir.
12 Iompróidh siad thú lena lámhasula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.
13 Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair;gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.
14 De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh,agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.
15 Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.”Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.
16 Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó;agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.