Salm 80 ABN

Fíonghort Scriosta

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.

2 Éist linn, a aoire Iosrael,a sheolann Iósaef mar thréad.I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh

3 ar Eafráim agus Biniáimin agus Manaise.Corraigh do chumhacht, a Thiarna;a Thiarna, tar chugainn dár sábháil.

4 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

5 A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile,ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?

6 Bheathaigh tú iad le harán na ndeor;agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.

7 Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana;agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.

8 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

9 Thug tú fíniúin amach as an Éigipt;dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í.

10 Rinne tú an ithir a réiteach di;chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír.

11 Folaíodh na sléibhte faoina scáth;agus céadrais Dé faoina géaga.

12 Shín sí a craobhacha chun na mara;agus leath sí a bachlóga chun na habhann.

13 Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh;go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í?

14 Creachann torc fiáin na coille íagus alpann ainmhithe allta an mhachaire í.

15 Cas ar ais, a Dhia na slua,breathnaigh anuas ó neamh, agus féach,

16 tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í,óir phlandaigh do dheaslámh féin í.

17 An dream a thug tine di agus a ghearr anuas ígo scriosa bagairt do ghnúise iad.

18 Go raibh do lámh ar fhear do dheasláimhe,ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.

19 Feasta, ní thréigfimid go brách thú;athbheoigh sinn agus glaofaimid ar d'ainm.

20 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar dár saoradh.