Salm 22 ABN

Páis agus Caithréim Chríost

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.

2 A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.

3 Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.

4 Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,agus tú i d'ábhar molta ag Iosrael.

5 Ionatsa a chuir ár n‑aithreacha a ndóchas:bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.

6 Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.

7 Péist is ea mise; ní duine mé:táim i mo sceith béil ag na daoineagus i m'ábhar aithise ag an bpobal.

8 Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:croitheann siad a gceann agus pus orthu:

9 “Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”

10 Is tú a thug amach as an mbroinn méagus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar.

11 Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.

12 Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;bí i m'aice, óir níl aon chabhair eile agam.

13 Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,tá tréantairbh Bháiseán thart orm.

14 Leathann siad a gcraos i mo choinnemar leon amplach agus é ag búiríl.

15 Doirtear amach mé mar uisce,tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.Is cosúil mo chroí le céirarna leá i lár mo chléibh.

16 Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:leagann tú i luaithreach an bháis mé.

17 Tá mórán madraí i mo thimpeall‘s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.Tollann siad mo lámha agus mo chosa;

18 féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.Baineann siad lán a súl asam go sásta.

19 Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthuagus caitheann siad crainn ar mo chóta.

20 Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.

21 Déan m'anam a fhuascailt ón gclaíomhagus mo bheatha ó ghreim an mhadra.

22 Saor mé ó bhéal an leoinagus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.

23 Fógróidh mé d'ainm do mo bhráithre,molfaidh mé thú i lár do phobail.

24 Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;

25 de bhrí nár bheag air an bochtánagus nár scorn leis riamh a ainnise.Níor cheil sé riamh a ghnúis airach d'éist leis an uair a ghlaoigh sé air.

26 De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthairan dreama ar a mbíonn a eagla.

27 Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.Go maire bhur gcroí go brách!

28 Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.

29 Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin

30 agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.

31 Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó‘s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.

32 Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.