Salm 102 ABN

Urnaí an Deoraí

1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.

1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.

2 A Thiarna, éist le mo ghuí;agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.

3 Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna,an uair a bhím do mo bhuaireamh.Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort;éist liom go luath agus freagair mé.

4 Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach;tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.

5 Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.

6 Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.

7 Is cosúil mé le peileacán san fhásach,le hulchabhán i measc na bhfothracha.

8 Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh,mar éan ar dhíon tí ina aonar.

9 Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor;agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.

10 Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;agus meascaim mo dheoch le deora,

11 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

12 Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.

13 Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.

14 Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,óir is mithid duit trua a dhéanamh di,toisc gur tháinig a hionú isteach.

15 Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;agus is trua leo fiú amháin a fothracha.

16 Beidh eagla ar na ciníocha roimh d'ainm, a Thiarna;agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.

17 Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón,nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,

18 claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh;agus ní eiteoidh sé a n‑achainíocha chuige.

19 Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.

20 “D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.

21 i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -

22 D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

23 nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

24 D'ídigh sé mo neart sa tslí;rinne sé mo laethanta a ghiorrú.

25 Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil,ná sciob mé leat i lár mo laethanta,ós tú a mhaireann go brách na breithe.”

26 Bhunaigh tú an talamh ar dtús;is iad na flaithis saothar do lámh.

27 Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa;rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

28 ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

29 Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;agus beidh a sliocht i do láthair go brách.