Salm 69 ABN

Táim ar lasadh le dúthracht do do Theach

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. [Salm] Dháiví. 1 Tarrthaigh mé, a Dhia;tá na huiscí go bun na gcluas orm.

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. [Salm] Dháiví.

2 Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin,gan cos i dtaca agam.

3 Chuaigh mé thar foras i ndoimhne na mara;táim do mo bhá ag na tonnta.

4 D'éirigh mé cortha de bheith ag glaoch;tá mo scornach tirim.Tá radharc mo shúl ag meath ormagus mé ag feitheamh le mo Dhia.

5 Ní lia ribí mo chinnná lucht m'fhuatha gan fáth.An drong lér mian mo mhilleadhsáraíonn siad mé go héagórach.An amhlaidh a thabharfaidh mé ar aisan ní nár ghoid mé?

6 Is eol duit mo bhaois, a Dhia;is léir duit mo chionta.

7 Nára cúis náire mé do d'aos muiníne,a Thiarna Dia na slua.Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat,a Dhia Iosrael.

8 Ar do shonsa a d'fhulaing mé aithisagus bhí luisne na náire i mo ghnúis.

9 Is strainséir mé ag mo bhráithre féin;is coigríoch mé ag clann mo mháthar.

10 Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach;is orm a thit aithisí lucht do cháinte.

11 Nuair a chiap mé m'anam le troscadhchaith siad achasán liom dá chionn.

12 Agus an uair a chuir mé sacéadach ormis amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.

13 Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm,agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.

14 Chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna,ar uair na faille, a Dhia.Éist liom de réir do mhórthrócaireagus do chúnaimh gan teip.

15 Tóg as an láib mé d'eagla mo bháite;saor mé ó m'eascairde.Saor mé ó dhuibheagán na mara

16 sula n‑éirí na tonnta orm.Nár shloga an fharraige siar mé;nár dhúna an poll orm.

17 Freagair mé as ucht do bhuanghrá, a Thiarna,iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire.

18 Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla;freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.

19 Tar i ngar do m'anam agus fuascail mé;saor mé mar gheall ar mo naimhde.

20 Is eol duit m'aithis is mo náire,tá m'eascairde go léir i do láthair.

21 Is briste mo chroí de chionn aithiseionas gur fágadh mé go faonlag fann.Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é;le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.

22 Thugadar domlas le hithe domagus fínéagra le hol dom i mo thart.

23 Go raibh a mbord ina dhol chun a gceapthaagus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.

24 Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad;go raibh crith cos is lámh orthu go brách.

25 Go lige tú do racht amach orthu.Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.

26 Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas;go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.

27 Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú,agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó.

28 Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide,agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.

29 Scriostar as leabhar na mbeo iadagus ná scríobhtar a n‑ainmneacha i measc na bhfíréan!

30 Maidir liomsa, cé gur daibhir dobrónach mé,déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia.

31 Molfaidh mé ainm Dé le hamhránagus mórfaidh mé é le breith buíochais.

32 Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarnaná damhra le hadharca agus crúba.

33 Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí;bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.

34 Óir éisteann an Tiarna leis na bochta;ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh.

35 Go mola na spéartha agus an talamh é;an mhuir agus a maireann inti.

36 Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradhagus atógfaidh sé cathracha Iúdá.

37 Déanfar cónaí iontu, beifear á sealbhú:beidh siad ina n‑oidhreacht ag sliocht a sheirbhíseach,ina n‑áitreabh ag lucht a ainm a ghráú.