1 Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm;foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin.
2 Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh;insígí a éachtaí go léir.
3 Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é;gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna.
4 Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;lorgaígí a ghnúis de shíor.
5 Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.
6 A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!
7 Is é an Tiarna féin ár nDiaa bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.
8 Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,ar a ghealltanas go dtí míle glúin,
9 an conradh a cheangail sé le hAbrahám,an mionn a mhionnaigh sé do Íosác.
10 Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób,ina chonradh d'Iosrael go brách,
11 á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit,chun bheith mar oidhreacht agat féin.”
12 An uair ba thearc a líon,glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír,
13 ag imeacht ó chine go cine dóibh,is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht.
14 Níor lig sé d'aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu;ach rinne bagairt ar ríthe ar a son.
15 “Ná leomhadh sibh baint le m'ungthaigh;ná déanaigí dochar do m'fháithe.”
16 Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,
17 is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid.
18 Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;crioslaíodh a mhuineál le hiarann,
19 go dtí gur comhlíonadh a fháistine;is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.
20 Chuir an rí dá fhios agus d'fhuascail é;rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.
21 Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,ina mhaor ar a mhaoin go léir,
22 d'fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.
23 Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.
24 Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.
25 D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
26 Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
27 D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám.
28 Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29 Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30 Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.
31 Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.
32 Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.
33 Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha.
34 Labhair sé agus tháinig na lócaistí,agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.
35 Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,agus d'ith siad toradh a dtalaimh.
36 Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann,céadtoradh a nirt go léir.
37 Sheol sé amach iad le hór is le hairgead,gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.
38 Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d'imigh siadóir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.
39 Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach,agus tine a thug solas dóibh san oíche.
40 Chuir sé gearra goirt chucu ar a n‑iarratas;agus líon sé le bia ó neamh iad.
41 Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda;agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.
42 Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofaa thug sé d'Abrahám, a ghiolla.
43 Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas;agus a mhuintir thofa le gártha áthais.
44 Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha;agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin,
45 i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna;agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.