1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.
2 Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é:is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.
3 Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamhagus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,
4 fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh 's ag fiuchadh,agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta.[Tá Tiarna na Slua inar bhfochair:is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah
5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé,ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
6 Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh;tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
7 Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí,toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.
8 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,is daingean dúinn Dia Iacóib.
9 Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna,na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.
10 Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne:briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna,loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
11 “Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann,in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”
12 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah