1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide.
2 Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna,agus ceol a dhéanamh do d'ainm, a Neach is Airde,
3 d'fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin,agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,
4 le ceol na cruite agus na cláirsí;mar aon le ceadal na lire.
5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna;déanaim gairdeas in oibreacha do lámh.
6 Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna!nach domhain iad go dearfa do smaointe!
7 Ní aithníonn fear na díchéille,ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.
8 Cé go n‑eascraíonn na héagráifigh mar fhéar,agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth,
9 níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách;ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.
10 Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna,agus scaipfear na hurchóidigh go léir.
11 Thug tú dom neart an daimh allta,agus dhoirt tú ola úr orm anuas.
12 D'fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde;chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha.
13 Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme;fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.
14 Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh,beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
15 Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh,agus iad go húrghlas i gcónaí,
16 a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna;mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann.