Salm 109 ABN

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2 óir tá béal na n‑éagráifeach agus na bhfealltachar leathadh i m'aghaidh.

3 Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh,timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha;tugann siad fúm gan fáth.

4 I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh;ach bímse ag guí.

5 Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa,an fuath in aghaidh an ghrá.

6 Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne;agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis.

7 Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh;agus go raibh a achainí in aistear.

8 Gura tearc iad laethanta a shaoil;agus go nglaca neach eile a chúram.

9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;agus go mille strainséirí toradh a shaothair.

12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dóná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.

13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

14 Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreachaagus nár scriostar peaca a mháthar amach.

15 Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor;go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh.

16 Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamhach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil,agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.

17 An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air;gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis.

18 Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach;go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisceagus isteach ina chnámha amhail ola.

19 Go raibh siad mar chulaith á chlúdach,mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.

20 Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.

21 Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d'ainm;agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá.

22 Óir táimse go dearóil dealbh;agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.

23 Leáim as mar scáil fhada an tráthnónascuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.

24 Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh.

25 Ráinig mé i m'ábhar scige ag gach aon neach;agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.

26 Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;saor mé de réir do bhuanghrá.

27 Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa,gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.

28 Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh;go ndéantar mo naimhde a náiriúagus go ndéana do ghiolla gairdeas.

29 Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne;agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.

30 Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard;tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.

31 Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáinlena shábháil ó lucht a dhaortha.