Salm 45 ABN

Amhrán Bainise don Rí

1 Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.

1 Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.

2 Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal.Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí;ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.

3 Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huileagus doirteadh an grásta amach ar do bheolatoisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.

4 Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeachar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.

5 [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.

6 Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

7 Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

8 Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadhle hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

9 Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d'éadaí;seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

10 Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

11 Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d'athar.

12 Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d'áilleacht;eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.

13 Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat‘s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.

14 Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe,

15 agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha.Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta.

16 Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeasnuair a ghabhann siad isteach in áras an rí.

17 In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat;ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.

18 Beidh cuimhne ar d'ainm go brách de bharr an dáin seoagus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe.