Salm 65 ABN

Altú Buíochais do Dhia

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.

2 Is duit is dleacht ár moladhi Síón, a Dhia.Is duit a chomhlíonfar ár móid,

3 ós tú a éisteann lenár nguí.Ortsa atá triall gach aon neach

4 lena eire urchóide.Luíonn ár lochtanna go trom orainnach tugann tusa maithiúnas dúinn.

5 Is méanar don té a roghnaíonn tú,á ghlaoch chun do chúirteanna.Sásófar le flúirse do thí sinn,le hionad naofa do theampaill.

6 Déanann tú éachtaí i d'fhíréantacht dúinn,a Dhia ár slánaithe.Dóchas críocha uile na cruinne thúagus na bhfarraigí imigéiniúla.

7 Daingníonn tú na sléibhte le do neartar do chrioslú le cumhacht.

8 Maolaíonn tú fothram na farraigeagus torann na dtonntaagus gleo na gciníocha.

9 Lucht cónaithe chríocha na cruinne,is eagal leo d'éachtaí.Cuireann tú áthas ar imill imchianaan Oirthir is an Iarthair.

10 Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú,gur mhéadaigh tú a maoin.Sceitheann abhainn Dé thar bruachad'fhonn arbhar a sholáthar di.

11 Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh,ag tabhairt uisce dá claiseanna.Déanann tú a bogadh le ceathanna;beannaíonn tú a geamhair.

12 Chuir tú barr ar an mbliain le d'fhéileagus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras

13 agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth.Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas 13 agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada.Tá na gleannta faoi bhrat arbhair;tógann siad gártha agus canaid le háthas.