1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
2 Éistigí, a chiníocha go léir,tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,
3 íseal agus uasal in éineacht,saibhir agus daibhir le chéile.
4 Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;is lán mo chroí de thuiscint.
5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
6 Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilcagus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall -
7 dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreasagus a mhaíonn as méid a maoine?
8 Ní thig le haon duine é féin a fhuascailtná éiric a anama a dhíol le Dia;
9 is ródhaor aige éiric a anama.
10 Ní thig leis síorbheatha a cheannachle súil nach bhfeice sé an uaigh.
11 Feiceann sé an saoi agus an daoi ar láragus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
12 Tuamaí is dídean dóibh go brách,a n‑árais chónaithe ó ghlúin go chéilecé go mbíodh a n‑ainm in airde sa tír.
13 Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
14 Slí na baothmhuiníne a slí siúd,críoch na droinge lenarb áil a maoin.Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
15 mar a ndéanfaidh an bás a n‑aoireachtagus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.Imeoidh a dtaibhse ar maidin;san uaigh a bheidh a n‑áras acu feasta.
16 Ach saorfaidh Dia m'anamsa ar ifreannan uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
17 Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
18 Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis,ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
19 Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé -“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” -
20 rachaidh sé i bhfochair a shinsearnach bhfeicfidh an solas go brách.
21 Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.