1 Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh;bíodh lúcháir ar na hinsí go léir.
2 Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
3 Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó,agus í ag loscadh a naimhde de gach leith.
4 Soilsíonn a splancacha an chruinne;creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.
5 Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarachi bhfianaise Thiarna na cruinne.
6 Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.
7 Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna,a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe;umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.
8 Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas,agus tá lúcháir ar chathracha Iúdáas ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.
9 Óir is tú an Tiarna go dearfain ardréim os cionn na cruinne,agus os cionn na ndéithe go léir.
10 Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc;déanann sé anamacha a naomh a chosaint,á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.
11 Tá solas á nochtadh don fhíréan,agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.
12 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.