Salm 33 ABN

Ina Moltar Deonú Dé

1 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.

2 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

3 Canaigí amhrán urnua dó;canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

4 Óir is dílis é briathar an Tiarna,agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5 Carann sé an chóir agus an ceartagus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

6 Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

7 Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.

8 Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

9 Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.

10 Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rathagus beartas na náisiún ar neamhní.

11 Maireann comhairle an Tiarna go bráchagus a smaointe ó aois go haois.

12 Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

13 Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamhagus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.

14 Amharcann sé óna ionad cónaithear gach aon neach dá maireann ar talamh -

15 an té a chum a gcroíthe go léiragus a thugann a mbearta go léir dá aire.

16 Ní neart a shlua a thugann bua do rí;ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17 Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua;ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18 Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal éagus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19 chun a n‑anam a shaoradh ón mbasagus iad a bheathú le linn gorta.

20 Bíonn ár n‑anam ag feitheamh leis an Tiarna;is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

21 is ann a ghairdíonn ár gcroí,is iontaoibh linn a ainm naofa.

22 Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,de réir an dóchais a chuirimid ionat.