Salm 50 ABN

Toirbhir do Dhia Íobairt an Mholta

1 Salm Ásáf. 1 Labhair an Tiarna - is é Dia na ndéithe é -agus ghair sé chuige an chruinne.

1 Salm Ásáf.

2 As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;

3 Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.Gluaisfidh tine chraosach roimhe amachagus anfa gaoithe ina thimpeall.

4 Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamhgo dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:

5 “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthaira cheangail mo chonradh le híobairt.”

6 Foilsíonn na flaithis a fhíréantachtóir is é Dia é féin is breitheamh.

7 “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.

8 Ní de bharr d'íobairtí a cháinim thú:bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.

9 Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theachná le pocaide gabhair de do thréada.

10 Óir is liom ainmhithe uile na coilleagus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.

11 Is aithnid dom éanlaith an aeiragus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.

12 Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.

13 An dóigh leat go n‑ithimse feoil tarbh?An measann tú go n‑olaimse fuil gabhar?

14 Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhiadíol do mhóideanna leis an Té is Airde.

15 Glaoigh orm ansin in am na hanacra;saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

16 Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairtagus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?

17 Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

18 Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leisagus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.

19 Tugann tú do bhéal don olcagus cumann tú bréaga le do theanga.

20 Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.

21 Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?Táim do do cheartú agus do do chúisiú.

22 Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;

23 an té a ghabhann buíochas mar íobairt,is é sin an té a thugann urraim dom;agus don té a mhaireann gan cháimtaispeánfaidh mé slánú Dé.”