Salm 40 ABN

Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

A

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2 D'fhan mé go foighneach leis an Tiarnaagus chrom sé chugamgur éist sé le mo ghuí.

3 Tharraing sé mé as díog na díthe,as láib an bhogaigh;chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraigagus dhaingnigh mo choiscéimeanna.

4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:duan dár nDia.Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.

5 Is aoibhinn don té a chuireanna dhóchas sa Tiarna;an té nach gcloíonn le huaibhrighná le déithe bréige.

6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú,a Thiarna is mo Dhia!Níl aon neach inchurtha leatsasna comhairlí a cheap tú dúinn.Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamhrachadh a gcomhaireamh díom.

7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat,ach d'oscail tú mo chluasa.Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;

8 ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm

9 go ndéanfainn do thoilse.A Dhia, is áil liom do dhlíi ndiamhair mo chroí.”

10 Rinne mé d'fhíréantacht a fhógairtsa chomhdháil mhór.Cosc níor chuir mé le mo bhéalmar is eol duit, a Thiarna.

11 Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroíach d'fhógair mé do chabhair dhílis;níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinnear an gcomhdháil mhór.

B

12 A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéiluaim go brách.Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinnemo chaomhnú choíche.

13 Tá mórán olc i mo thimpeall,oilc gan áireamh.Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chiontanach bhfeicim dada;ní lia ribí mo chinn ná iadagus teipeann mo mhisneach orm.

14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neachar a bhfuil fonn mo mharaithe;go gcuirtear ar gcúl faoi náirea bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

16 Go ndalltar le náire an dronga deir liom: “Há! há!”

17 Go ndéana a mbíonn ar do lorgríméad agus gairdeas ionat.Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:“Moladh leis an Tiarna!”

18 Cé gur dealbh agus gur dearóil misedéanann an Tiarna cúram díom.Is tú mo chabhair agus m'fhuascailteoir;ná moilligh, a Dhia liom.