Salm 18 ABN

Amhrán Buíochais agus Molta

1 Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:

1 Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:

2 Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,

3 mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.

4 Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.

5 Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeallagus scanraigh tuilte na hurchóide mé.

6 Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.

7 Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,agus d'iarr mé cúnamh ar mo DhiaChuala sé mo ghlór ina theampall,agus ráinig mo ghlao a chluasa.

8 Chrith an talamh agus suaitheadh éagus corraíodh fothaí na sléibhtetoisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.

9 D'éirigh deatach as polláirí a shróine,agus tine dheargloiscneach as a bhéal,ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.

10 D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,agus néal dubh dorcha faoina chosa.

11 Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribínagus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.

12 Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.

13 As an ngile agus na néalta a bhí uimetháinig clocha sneachta agus splancacha tine.

14 Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.

15 Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,agus chaith a chaora tine gur threascair iad.

16 Bhí foinsí na farraige le feiceáilagus nochtadh fothaí na cruinnede thoradh do bhagartha, a Thiarna,de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.

17 Shín sé anuas agus rug orm,agus tharraing as na tuilte móra mé.

18 Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir domó lucht m'fhuatha ba threise ná mé.

19 D'ionsaíodar mé lá mo thubaiste,ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

20 Sheol sé amach in áit fhairsing mé,do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.

21 Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom;thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

22 toisc gur choinnigh mé slite an Tiarnais nár imigh mé uaidh ar seachrán.

23 Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

24 Ach mhair mé gan cháim ina láthair,agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.

25 Agus chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liomde réir glaine mo lámh ina láthair.

26 Is dílis tú don duine dílis,is ionraic tú leis an duine ionraic.

27 Is glan tú le lucht na glaine,agus glic le lucht an ghlicis.

28 Óir saorfaidh tú lucht na huirísleach umhlóidh tú lucht an díomais.

29 Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

30 Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

31 Tá slí Dé gan mháchail,tá briathar an Tiarna arna phromhadh.Is é is sciath go dearfado chách a thriallann chuige.

32 Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?

33 An Dia a chrioslaigh mé le calmachtagus a rinne mo bhealach sábháilte;

34 a thug luas na heilite do mo chosaagus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.

35 D'oil sé mo lámh chun cogaidhis mo chuisle chun bogha práis a theannadh.

36 Thug tú dom sciath do shlánaitheagus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.

37 Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,ionas nár shleamhnaigh mo chosa.

38 Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

39 Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éiríagus thit siad ar lár faoi mo chosa.

40 Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,agus threascair tú an dream a bhí i m'éadan.

41 Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhdeagus mhill tú an drong a thug fuath dom.

42 Scairt siad - ní raibh fear a dtarrthála ann:bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.

43 Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,á gcosaráil amhail salachar na sráide.

44 Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobailagus chuir tú os cionn na náisiún mé;rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,

45 an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,

46 mheathlaigh na náisiúin iasachta:tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.

47 Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig!go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh;

48 an Dia a bhain díoltas amach domagus a chuir na ciníocha faoi mo smacht,

49 a rinne mo shaoradh ó mo naimhdeagus a d'ardaigh mé os cionn m'eascairde,agus a sciob mé ó lucht an éigin.

50 Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duiti measc na náisiún, a Thiarna:agus canfaidh mé Salm do d'ainm;

51 óir thug tú cathréimeanna do do rí,agus nocht tú do ghrá do d'ungthach,do Dháiví agus dá shliocht go brách.