Salm 103 ABN

rócaire an Tiarna

1 [Salm le] Dáiví. 1 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.

1 [Salm le] Dáiví.

2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.

3 Maitheann sé do chionta go léir duit;agus leigheasann sé d'easláintí uile.

4 Fuasclaíonn sé d'anam ón uaigh;corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.

5 Líonann sé do shaol le nithe fónta;déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

6 Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.

7 Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.

8 Is grámhar trócaireach é an Tiarna,foighneach agus lán de cheansacht.

9 Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.

10 Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11 Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12 Ní faide an t‑oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13 Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

14 Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinnagus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

15 Is cosúil ré an duine le féar;bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.

16 Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,agus ní fios dá ionad féin é feasta.

17 Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraídon dream ar a mbíonn a eagla,

18 agus a fhíréantacht do chlann a gclainnenuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,agus go ndéanann siad de réir a thola.

19 Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.

20 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarnaa dhéanann a réir go cumasach,agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.

21 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

22 Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarnai ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.Beannaigh an Tiarna, a anam liom.