1 Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.
2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fheargagus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.
3 Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé,óir tá mo chorp á chiapadh,
4 agus tá m'anam á chéasadh go géar,ach tusa, a Thiarna, cá fhad...?
5 Fill, a Thiarna, fuascail m'anamagus saor mé as ucht do bhuanghrá.
6 Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?
7 Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola,ním mo leaba le mo dheora gach oíche;fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
8 Tá mo shúil á snoí le dobrón:chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.
9 Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.
10 Thug an Tiarna aird ar m'achainí;tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.
11 Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.