Salm 135 ABN

Moladh leis an Tiarna

1 Alleluia.Molaigí ainm an Tiarna;molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,

2 a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna,i gcúirteanna áras ár nDé.

3 Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna;canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;

4 Óir roghnaigh an Tiarna Iacób,agus Iosrael ina sheilbh dó féin.

5 Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.

6 Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,ar muir agus in íochtar na farraige.

7 Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;déanann sé fearthainn le saighneáin tine;tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

8 Bhuail sé céadghin na hÉigipte,idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.

9 Rinne sé comharthaí agus tuarthai gceartlár do thíre, a Éigiptin aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir.

10 Bhuail sé a lán de na ciníocha;agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha -

11 Síochon, rí na nAmórachagus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,agus ríthe Chanán go léir.

12 Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.

13 Maireann d'ainm de shíor, a Thiarna,agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.

14 Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.

15 Ór agus airgead íola na gciníocha,saothar lámh na ndaoine.

16 Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;

17 tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;ná níl puth anála ina mbeola.

18 Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;agus a gcuireann a ndóchas iontu.

19 A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;

20 a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna;a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.

21 Moladh leis an Tiarna as Síón;tá cónaí air in Iarúsailéim!