1 Salm le Dáiví.A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth?Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?
2 An té a shiúlann gan cháim;an té a dhéanann fíréantachtagus a labhraíonn go díreach óna chroí;
3 an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga;an té nach ndéanann olc dá chomharsais nach dtugann masla don duine thall;
4 an té ar beag aige an drochdhuineagus ar mór aige lucht eagla an Tiarna;an té nach ngabhann siar ar a bhriatharbíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
5 nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht,‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.An té a dhéanfaidh amhlaidhní bhainfear dá threoir é go brách.