1 Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.
2 Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú méagus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
3 D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna,agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
4 Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna,shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;ach maireann a chineáltas ó aois go bás.Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,chun Dé a chuir mé m'achainí.“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
11 Éist, a Thiarna, go trócaireach;tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
13 i dtreo go seinnfidh m'anam do mholtaí gan staonadh.A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.