1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán.
2 Tá aithne ar Dhia in Iúdá;tá a ainm in airde in Iosrael.
3 I Sailéim atá a bhothagus i Síón a áras cónaithe.
4 Is ann a bhris sé na saigheada lonracha -an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah
5 Is solasmhar maorga thú, a Thiarna;is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].
6 Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh,codlaíonn siad ina dtoirchim suain;tá lucht na lámh láidir gan taca.
7 A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrachrinneadh staic de charbaid agus d'eachra.
8 Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d'éadan;nuair a bhíonn racht róbhuile ort?
9 Nuair a thug tú breithiúnas ó neamhghabh critheagla an talamh agus thost sé.
10 Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais,a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah
11 Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh;déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit.
12 Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia - 12 an té a bhaineann an t‑anam as taoisighgur uafásach le ríthe na cruinne é.