1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna;níl mo shúile go huaibhreach.Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra,a théann thar m'acmhainn.
2 Ach mar naíonán [a bhainfí de dhiúl],thug mé m'anam chun suaimhnis.Mar naíonán i mbaclainn a mháthar,atá m'anam istigh ionam.
3 A Iosrael, cuir do dhóchas sa Tiarna,anois agus choíche.