Salm 147 ABN

Amhrán Molta agus Buíochais do Dhia as

1 Alleluia.Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é;is dósan is dual ár moladh.

A

2 Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim;tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.

3 Leigheasann sé lucht an chroí bhriste;agus déanann a gcréachtaí a cheangal.

4 Socraíonn sé líon na réaltaí;ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.

5 Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;níl teorainn ar bith lena eagna.

6 Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.

7 Canaigí don Tiarna le buíochas;seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,

8 an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;agus a thugann an fhearthainn don talamh.Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;agus luibheanna chun fónamh don duine.

9 Tugann sé a gcuid do na beithígh;agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.

10 Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.

11 Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;don dream ar muinín leo a thrócaire.

B

12 Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.

13 Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.

14 Rinne sé síocháin i do chríocha;agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.

15 Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.

16 Scaipeann sé sneachta amhail olann;croitheann sé cuisne amhail luaithreach.

17 Leathann sé a leac oighir ina blúirí;cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?

18 Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá;agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.

19 D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael.

20 Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile;níor nocht sé a reachtanna dóibh.