Salm 44 ABN

Bua agus Briseadh Iosrael

1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

2 Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinnna hoibreacha a rinne tú fadó,na héachtaí a rinne tú lena linn.

3 Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinngur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.

4 Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamhníorbh é a gcuisle féin a shaor iadach do dheaslámh féin is do chuisleagus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.

5 Is tú mo rí agus mo Dhiaa thug barr agus bua do Iacób.

6 Is tríotsa a chloíomar ár naimhdegur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d'ainm.

7 Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,

8 ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinnagus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.

9 Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamhagus ag tabhairt moladh do d'ainm de shíor. Selah

10 Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúilagus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.

11 Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhdeagus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.

12 Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe.Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.

13 Dhíol tú do phobal in aisce,agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.

14 Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,

15 ceap aithise i mbéal na gciníochaagus ceap magaidh i measc na náisiún.

16 Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíoragus luisne na náire i mo leiceann

17 de bharr ghlór an scigire agus an sciolladórade dheasca an namhad agus an díoltasaí.

18 Tháinig na nithe seo uile orainn anuassiúd is nach ndearnamar dearmad ort,is nach rabhamar mídhílis do do chonradh

19 ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,

20 bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinnagus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.

21 Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDénó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,

22 nach mbeadh a fhios sin ag Dia?Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.

23 Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an laeagus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.

24 Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna?Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!

25 Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainnagus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?

26 Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreachagus buaileadh ár gcorp ar an talamh.

27 Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linnagus fuascail sinn as ucht do thrócaire.