1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.
2 Glaoim os ard ar an Tiarna;achainím os ard ar an Tiarna.
3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise;agus nochtaim m'anacra ina láthair.
4 Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam,b'eol duit féin mo shlí.Sa tslí ina bhfuil mo shiúlcuireadh gaiste i bhfolach romham.
5 Breathnaím ar mo dheis agus feicimnach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom.Níl bealach éalaithe agam;ní chuireann aon neach spéis i m'anam.
6 Is ort a ghlaoim, a Thiarna;deirim: “Is tú mo dhídean;a bhfuil agam i dtír na mbeo.”
7 Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao;óir tá mé i gcorrach na haimiléise.Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna,óir is treise iad siúd ná mé.
8 Seol mé amach as an gcarcair seochun go dtabharfaidh mé buíochas do d'ainm.Tionólfaidh na fíréin i mo thimpealltoisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.