Salm 38 ABN

Urnaí Aithrígh le linn Tinnis

1 Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

1 Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg;ná déan mo smachtú i do chuthach.

3 Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionamagus tháinig do lámh anuas orm.

4 Ní slán do mo cholainn de dheasca d'fheirgeníl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.

5 Óir d'éirigh mo chionta os mo chionnagus luíonn siad ina n‑ualach róthrom orm.

6 Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathude dheasca mo dhíchéille féin.

7 Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.

8 Tá mo leasracha arna líonadh d'othras,níl folláine ar bith i mo cholainn.

9 Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.

10 Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,níor ceileadh ort m'osnaí ach oiread.

11 Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim,agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.

12 Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,mar gheall ar mo chréachtaí.

13 An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham -an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.

14 Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineannle balbhán nach n‑osclaíonn a bhéal;

15 amhail duine nach gcluineann dada ar bith‘s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige.

16 Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.

17 Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orman uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”

18 Óir táimse ar tí titim faoi láthair;bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.

19 Admhaím mo chion is mo pheaca;is buartha go fíor mé dá dheasca.

20 Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábharagus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,

21 a thugann an t‑olc uathu i gcúiteamh na maitheagus a chuireann i m'aghaidh toisc go leanaim den mhaith.

22 Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!ná bíse i bhfad uaim choíche!

23 Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,a Thiarna, is tú mo shlanú.