1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2 Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia;cosain mo bheo ar eagla an namhad.
3 Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna,ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.
4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomhagus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;
5 scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan,‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.
6 Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte‘s iad i gcogar le chéile go folaitheach,á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:
7 cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?”Ach an té sin a thóraíonn an aigne,arb eol dó rúndiamhra an chroí -
8 scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann,agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.
9 A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh,agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.
10 Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin,inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia,agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.
11 Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna,rachaidh sé ag triall air faoi dhóchasagus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.