1 Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
2 Tá ár gcosa ina seasamh cheana féini do dhoirse, a Iarúsailéim.
3 Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáilgo dlúth is go daingean.
4 Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,treibheanna an Tiarna,d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,agus buíochas don Tiarna.
5 Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,cathaoir do theaghlach Dháiví.
6 Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn;gura slán a dtugann taitneamh duit.
7 Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha,agus flúirse i do phálás.
8 Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte,síocháin go raibh ionat.
9 Ar son teach an Tiarna, ár nDia,iarraim do leas.