Salm 86 ABN

Urnaí in Am na Trioblóide

1 Achainí Dháiví. 1 Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom,óir tá mé go dearóil dealbh.

1 Achainí Dháiví.

2 Déan m'anam a chosaint óir is dílis mé;fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.

3 Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.

4 Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,óir is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna.

5 Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

6 Éist le m'urnaí, a Thiarna;tabhair aire do ghlór mo ghuí.

7 Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha;de bhrí go n‑éisteann tú liom.

8 Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.

9 Na ciníocha go léir a rinne tú,tiocfaidh siad do d'adhradh, a Thiarna;agus déanfaidh siad d'ainm a fhógairt.

10 Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha;is tú amháin is Dia ann.

11 Múin do shlí dom, a Thiarna;i dtreo go siúlfainn i d'fhírinne;agus déan mo chroí a dhíriú,i dtreo gurab eagal liom d'ainm.

12 Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;agus molfaidh mé d'ainm go brách.

13 Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;sciob tú m'anam leat ó dhuibheagán ifrinn.

14 D'éirigh lucht díomais i m'éadan, a Dhia,tá drong gan trua ar thoir m'anama,drong nach bhfuil aird acu ortsa.

15 A Thiarna Dia na trua agus na taise,ar deacair thú a spreagadh chun feirge,agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:

16 Féach orm agus bíodh trua agat dom.Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna,agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh.

17 Tabhair dom comhartha do cheanago bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú,toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.