1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.
2 I nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas;is uaidh a thagann mo chúnamh.
3 Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;ní dhéanfar mo bhogadh.
4 Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine,sibh go léir d'fhonn a bhriste,mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é,nó fál ar tí titim?
5 Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár;is áil leo an t‑éitheach.Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíoragus an mhallacht ina gcroí. Selah
6 Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom,óir is ann atá mo dhóchas.
7 Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean;ní dhéanfar mo bhogadh.
8 Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir;is carraig chumhachtach agus díon dom é.
9 Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal;ligigí rún bhur gcroí leis.Is é Dia ár ndídean. Selah
10 Níl san Ádhamhchlann ach puth anála,níl sna huaisle ach bréag;nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uilená an phuth anála féin.
11 Ná bíodh bhur ndóchas san ansmachtná bhur maíomh san fhoghail.Má dhéantar bhur maoin a mhéadúná santaigí in bhur gcroí í.
12 Aon uair amháin a labhair Dia,dhá ní a chuala mé;gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,
13 agus gur leatsa an buanghrá,agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neachde réir a shaothair.