1 [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.
2 Beannóidh mé an Tiarna i dtólamhbeidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.
3 Bíonn m'anam ag déanamh mórtais as an Tiarna:éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
4 Móraigí an Tiarna mar aon liom:tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d'éist sé liomagus d'fhuascail sé ó m'eagla go léir mé.
6 Féachaigí chuige agus loinnir oraibh‘s na bíodh luisne na náire in bhur leicne.
7 Nuair a scairt an t‑ainniseoir seo d'éist an Tiarna,agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.
8 Bíonn aingeal an Tiarna i gcampathart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.
9 Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
10 A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
11 Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
12 Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liomgo múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
13 Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
14 Coinnigh do theanga ón olcagus do bhéal ó bhriathra éithigh.
15 Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;bí ag lorg na síochána agus lean di.
16 Bíonn súile an Tiarna ar na fíréinagus tugann sé aird ar a n‑achainí.
17 Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilcd'fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.
18 Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.
19 Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscarthaagus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
20 Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
21 cosnaíonn sé a chnámha go léir;ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.
22 Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis,agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.
23 Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí:ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.