10 Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha;agus sníonn siad idir na sléibhte.
11 Tugann siad deoch d'ainmhithe an mhachaire;agus múchann na hasail allta a dtart iontu.
12 Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha;agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha.
13 Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe;líontar an talamh de thoradh do shaothair.
14 Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht,agus luibheanna ar mhaithe leis an duinechun go mbaine sé arán as an talamh,
15 agus fíon a chuireann áthas ar an duine,d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola,agus a chroí a neartú le harán.
16 Tá crainn an Tiarna lán de shúlach;na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.