13 Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe;líontar an talamh de thoradh do shaothair.
14 Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht,agus luibheanna ar mhaithe leis an duinechun go mbaine sé arán as an talamh,
15 agus fíon a chuireann áthas ar an duine,d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola,agus a chroí a neartú le harán.
16 Tá crainn an Tiarna lán de shúlach;na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.
17 Is iontu a dhéanann na héin a neadacha;agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.
18 Na sléibhte is dídean do na gabhair allta;agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
19 Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt;is eol don ghrian tráth a turnaimh.