17 Is iontu a dhéanann na héin a neadacha;agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.
18 Na sléibhte is dídean do na gabhair allta;agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
19 Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt;is eol don ghrian tráth a turnaimh.
20 Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche,agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg -
21 Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche,is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.
22 Bailíonn siad leo le héirí na gréine,go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna.
23 Gabhann an duine amach chun a oibreag saothrú leis go dtí an tráthnóna.