3 thóg tú d'áras os cionn na díleann.Bíonn na néalta agat mar charbadag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.
4 Déanann tú teachtairí de na gaotha,agus timirí den tine lasrach.
5 Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn;ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.
6 Chlúdaigh tú leis an aigéan é mar le brationas gur fholaigh na huiscí na sléibhte.
7 Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh;ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.
8 D'éirigh na sléibhte agus d'ísligh na gleanntachun an ionaid a cheap tú dóibh.
9 Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti,sula bhfolaidís an talamh as úire.