16 Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,
17 is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid.
18 Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;crioslaíodh a mhuineál le hiarann,
19 go dtí gur comhlíonadh a fháistine;is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.
20 Chuir an rí dá fhios agus d'fhuascail é;rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.
21 Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,ina mhaor ar a mhaoin go léir,
22 d'fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.