2 Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh;insígí a éachtaí go léir.
3 Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é;gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna.
4 Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;lorgaígí a ghnúis de shíor.
5 Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.
6 A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!
7 Is é an Tiarna féin ár nDiaa bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.
8 Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,ar a ghealltanas go dtí míle glúin,