24 Mhéadaigh sé a phobal go mór,go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.
25 D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
26 Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
27 D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc,agus a iontais i bhfearann Hám.
28 Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29 Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30 Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.