28 Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29 Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30 Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.
31 Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.
32 Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.
33 Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha.
34 Labhair sé agus tháinig na lócaistí,agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.