10 Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11 D'fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12 Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13 Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14 Ligeadar srian lena mianta san fhásach;chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15 Lig sé a n‑achainí leo;ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.
16 Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.