18 Fadaíodh tine i measc a mbuíne;agus loisc na lasracha na meirligh.
19 Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb;rinne siad íol d'ór leáite a adhradh.
20 Rinne siad Dia na glóire a mhalartúar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.
21 Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad,agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,
22 a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23 Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,murach Maois, an té a roghnaigh séa dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearga mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24 Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.