22 a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23 Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,murach Maois, an té a roghnaigh séa dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearga mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24 Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.
25 Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna,agus ní éistfidís le glór an Tiarna.
26 D'ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibhgo leagfadh sé ar lár iad san fhásach,
27 go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiúna scaoileadh ar fud na cruinne.
28 D'umhlaigh siad ansin do Bhál Peór,agus d'ith siad íobairtí na marbh.