30 D'éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas,gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31 Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharrgo dtí an uile ghlúin go brách na breithe.
32 Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33 Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34 Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothúde réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.
35 Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36 Thug siad fónamh d'íola na náisiún,gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.